Tá ionsaí eile déanta ag Stáit Aontaithe Mheiriceá ar fhórsaí Houthi san Éimin mar chuid de fheachtas Washington gnóthaí loingseoireachta sa Mhuir Rua a chosaint.
Deir údaráis Washington gur ar láithreán ladráin nó dróin na Houthi a bhí an t-ionsaí seo dírithe, tar éis ionsaí an lae inné inár bhuail airm Mheirceá agus na Breataine bunáití eile Houthi.
De réir an ráitis a d'eisigh údaráis mhíleata Washington ar an suíomh X, is "le cumas na Houthi soithigh mara agus longa tráchtála a ionsaí a laghdú," a d'ionsaigh diúracáin Tomahawk an bhunáit Houthi.
Thuairiscigh cainéal teilifíse Al-Masirah atá faoi stiúir na gluaiseachta Houthi, go bhfuil Meiriceá agus an Bhreatain ag díriú a gcuid ionsaithe ar an phríomh chathair Sanaa.
Tá an grúpa Houthi ag tacú leis an Phalaistín ina bhfeachtas in aghaidh léigear Iosrael ar Gaza agus deir rialtas Washington gurb iad údaráis na hIaráine atá ag maoiniú na Houthi.