Tá sé fógartha ag Príomhaire na Breataine, Rishi Sunak, go bhfuil sé le €2.9bn d'fhóirithint mhíleata a cheadú don Úcráin. Deir sé go bhfuil an Bhreatain ag iarraidh a chur in iúl don domhan mór go dtacaíonn siad go láidir leis an Úcráin i gcoinne na Rúiseach.
Thug an Bhreatain €2.3bn don Úcráin, i 2022 agus i 2023 ar aron.
Thug Rishi Sunak le fios go bhfuil sé ag súil go dtuigfidh Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, nach bhfuil an Bhreatain chun an Úcráin a fhágáil ar an trá fholamh.
"Tá teachtaireacht amháin láidir agam inniu", a dúirt sé agus ar cuairt i gCív, Príomhchathair na hÚcráine: "seasann an Ríocht Aontaithe leis an Úcráin."
Bhuail sé le hoibrithe éigeandála, a bhíonn ag plé le hiarmhairtí ionsaithe na Rúiseach. Mhol Príomhaire Sunak " misneach mór na nÚcránach."

€50bn d'fhóirithinte mhíleata a thabhairt don Úcráin.
Bhí an tAontas Eorpach le €50bn a cheadú don Úcráin roimh an Nollaig, ach d’úsáid Príomhaire na hUngáire, Viktor Orban, a veto chun vótáil ina gcoinne. Tá fóirithint na Stát Aontaithe idir dhá cheann na meá freisin.