skip to main content

Tá thart ar 50 bailithe le chéile i gContae Thiobraid Árann i gcoinne cinnidh lóistín a chur ar fáil do 160 iarratasóir tearmainn

Deir an lucht agóide i Ros Cré nach bhfuil ach aon óstán amhán ar an mbaile, agus anois, go ndeir an Roinn Lánpháirtíochta nach féidir le muintir na háite - ná le cuairteoirí - úsáid a bhaint as níos mó
Deir an lucht agóide i Ros Cré nach bhfuil ach aon óstán amhán ar an mbaile, agus anois, go ndeir an Roinn Lánpháirtíochta nach féidir le muintir na háite - ná le cuairteoirí - úsáid a bhaint as níos mó

Tá thart 50 duine bailithe le chéile ag Óstán Racket Hall - atá suite ar imeall Ros Cré i gContae Thriobraid Árann - i mbun agóide i gcoinne an chinnidh a glacadh chun lóistín a chur ar fáil do 160 duine den lucht iarrtha tearmainn idirnáisiúnta san óstán sin.

Tháinig an scéal chun cinn inné - i measc ionadaithe áitiúla - go mbainfí an úsáid sin as Racket Hall ar bhonn sealadach, as seo go ceann bliana.

Tá daoine ón gceantar áitiúil bailithe le chéile ag an óstán, ag rá go bhfuil an baile lán, faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair agus nach féidir níos mó d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a ghlacadh ansin.

Óstán Racket Hall i Ros Cré inniu

Tá 400 iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta ag fanacht sa gclochar ar an mbaile faoi láthair. Agus tá 200 duine eile ag fanacht i mainistreach ansin.

Deir muintir na háite nach bhfuil na seirbhísí cuí acu le freastal ar an bpobal atá sa bhaile cheana féin. Níl ach óstán amháin ar an mbaile, a deir siad, agus anois tá an Roinn Lánpháirtíochta ag iarraidh é a thógáil uathu agus lóistín a chur ar fáil d'iarratasóirí tearmainn istigh ann.

Dúirt an Taoiseach níos luaithe sa tseachtain nach bhfuil sé de cheart ag pobail go rachaidh an rialtas i gcomhairle leo lena chinntiú go bhfuil siad sásta faoi dhaoine nua ag bogadh isteach ina gcóngar.