Tá leithscéal gafa ag Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann le teaghlach mná, 76 bliain d'aois, a fuair bás i ndiaidh obráide ansin.
Bhásaigh Freda Fox as an gCaisleán Riabhach i gContae Ros Comáin ar 1 Meán Fómhair 2017 i ndiaidh di 17 lítear fola a chailliúint le linn do bheirt mháinlianna faoi oiliúint a bheith i mbun obráide uirthi.
Bhí seisear clainne ar Freda Fox. B’í croí an teaghlaigh í, a dúirt siad, agus bhí sí óigeanta ina dóigh.
Bhí ardmheas ag pobal an Chaisleáin Riabhaigh uirthi agus bhí gean ag cách uirthi.

Bhí paincréitíteas uirthu agus ar 1 Meán Fómhair 2017, chuaigh sí go dtí Ospidéal Ollscoil Naomh Uinseann, áit a ndeachaigh sí faoi scian.
Ba chóir don obráid brí agus fuinneamh nua a thabhairt di, a dúradh léi, ach níor tháinig sí riamh abhaile ina diaidh, a dúirt a hiníon, Paula Fox inniu.
Tugadh fianaise san ardchúirt inniu gur obráid chasta a bhí inti, ach nach raibh comhairleoir leighis ina bun; nach raibh ach beirt mháinlianna faoi oiliúint i láthair.
D’éirigh cúrsaí casta le linn na hobráide agus chaill Freda Fox 17 lítear fola.
I ndiaidh trí stad cairdiach, cuireadh deireadh leis an obráid agus fuair Freda Fox bás san aon dianchúraim ní ba dhéanaí an oíche sin.
Léirigh tuarascáil de chuid an ospidéil ar tugadh fuithi ní ba dhéanaí go raibh ganntanas maoirseachta ar fáil san ospidéal do mháinlianna faoi oiliúint. Thángthas ar shocrú sa gcás faoin n-íocfar €200,000 le teaghlagh Freda Fox. Ach is beag an cúiteamh an t-airgead, a deir siad.