Tá sé ráite ag ionadaithe ar son Iosrael sa gCúirt Breithiúnais Idirnáisiúnta sa Háig gur "léamh iomlán eile ar an bhfírinne" atá sa chás atá curtha faoi bhráid na cúirte ag an Afraic Theas, maidir leis an méid atá tarlú in Gaza.
Inné, chuir an Afraic Theas i leith Iosrael go bhfuil patrún córasach le feiceáil ina n-iompar in Gaza, a léiríonn gur cinedhíothú atá ar bun acu.
Tá iarrtha ag Rialtas na hAfraice Theas ar an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta sa Háig ordú do na hIosraelaigh an cogadh a chur ar fionraí láithreach.
Dúirt abhcóide ar son Iosrael, Tal Becke, inniu go bhfuil "cuntas frithfhíorasach" curtha faoi bhráid na Cúirte Breithiúnas Idirnáisiúnta ag an Afraic Theas.
Deir sé nach bhfuil aon bhunús le cás na hAfraice Theas agus gur frith-Sheimíteachas atá ann.
Cé gur "tragóid" é an méid atá at titim amach in Gaza, a dúirt Tal Becke, tá an locht ar Hamas; is iadsan atá ag úsáid a bpobail féin mar sciath in aghaidh ionsaithe Iosrael.

Breithiúnais Idirnáisiúnta sa Háig
De réir Choinbhinsiún Geneva um Chinedhíothú, a ritheadh i 1948, 'séard atá i gceist le cinedhíothú ná aon gníomhartha a dhéantar le rún cine, grúpa náisiúnta, grúpa eitneach nó grúpa creidimh faoi leith a scriosadh nó a dhísciú.
Dar leis an Afraic Theas go mbaineann an sainmhíniú seo le hábhar i gcás a bhfuil na hIosraelaigh a dhéanamh gach lá le trí mhí in Gaza, áit a bhfuil os cionn 23,000 duine maraithe acu, sibhialtaigh a bhformhór.

Ní aon údarás praiticiúil ag an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta mar nach bhfuil aon chóras ann lena rialuithe a chur i bhfeidhm.