skip to main content

Na mílte i mbun agóide san Éimin i gcoinne ionsaithe SAM, na Ríochta Aontaithe agus cúig chomhghuaillí eile dá gcuid

Bhí na mílte ar na sráideanna san Éimin i gcoinne ionsaithe SAM agus na Ríochta Aontaithe
Bhí na mílte ar na sráideanna san Éimin i gcoinne ionsaithe SAM agus na Ríochta Aontaithe

Tá aerionsaithe déanta ag fórsaí na Stát Aontaithe agus na Ríochta Aontaithe ar cheannaircigh de chuid an ghrúpa Ioslamaigh Houthi san Éimin. Tuairiscítear gur bhuail roicéid príomhchathair na hÉimine, Sanaa, calafort sa Mhuir Rua, Hudaydah agus Dhamar. Ionsaíodh Saada in iarthuaisceart na tíre freisin. Tá Houthi, a fhaigheann tacaíocht ón Iaráin, in uachtar sa chuid sin den tír.

I ráiteas, thug Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, le fios gur mar dhíoltas ar na hionsaithe atá déanta ag Houthi ar longa sa Mhuir Rua le trí mhí anuas a rinneadh ionsaithe na hoíche aréir.

Tá cuid mhór den Éimin faoi smacht Houthi, iarthuaisceart na tíre ach go háirithe

Tá cuid mhór den Éimin faoi smacht Houthi. Bhí siad ag déanamh ionsaithe ar longa sa Mhuir Rua a bhí ag seoladh i dtreo Iosrael, a deir siad, le tacú le Hamas, a fhaigheann tacaíocht ón Iaráin freisin. Tá bealaigh long an-tábhachtacha sa Mhuir Rua, agus b'í an aidhm a bhí ag Houthi ná bac a chur ar thrádáil le hIosrael.

Praghas Daor

Beidh praghas daor le híoc ag Meirceá agus ag an Ríocht Aontaithe, a dúirt aire gnóthaí eachtracha an ghrúpa mhíleataigh, as na "hionsaithe barbartha" a rinneadh siad ar an Éimin aréir agus go moch ar maidin. Ach, a dúirt sé, leanfaidh Houthi ar aghaidh ag déanamh ionsaithe ar longa sa Mhuir Rua.

Ghlac eitleáin de chuid Aerfhórsa Ríoga na Breataine, an RAF, páirt sna hionsaithe a bhí "dírithe ar áiseanna míleata", a dúirt Príomhaire na Breataine, Rishi Sunak.

Calafort Haifa in Iosrael: chuir ionsaithe de chuid Houthi isteach ar loingeas Iosrael
le trí mhí anuas

Rinneadh an líon ionsaithe mar ba chuí, a dúirt sé, chun Iosrael, na Stáit Aontaithe agus a gcomhghuaillithe a chosaint.

Chuidigh an Ísletír, an Astráil, Ceanada agus Bairéin leis na Stáit Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe an misean a chur i gcrích.

Níl aon ráiteas déanta go fóill ag Iosrael maidir leis na hionsaithe.

Ag cuidiú leis an "réimeas Síónach" a chuid "coireanna cogaidh" a chur i gcrích atá an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe, a dúirt aire gnóthaí eachtracha na hIaráine.

Caithfidh na páirtithe ar fad féinsmacht a léiriú, a dúirt an Araib Shádach

Idir an dá linn, bhí na mílte i mbun agóide ar na sráideanna san Éimin inniu, i gcoinne na n-ionsaithe.