skip to main content

Tús sa Háig le cás na hAfraice Theas in aghaidh Iosrael

Ag teitheadh ó bhuamaí na nIosraelach, Khan Younis, Gaza, 11 Eanáir 2024
Ag teitheadh ó bhuamaí na nIosraelach, Khan Younis, Gaza, 11 Eanáir 2024

Tá iarrtha ag Rialtas na hAfraice Theas ar an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta sa Háig ordú do na hIosraelaigh an cogadh atá siad a fhearadh ar Gaza a chur ar fionraí láithreach.

Rinneadh an t-iarratas inniu an chéad lá den chás dlí atá tugtha ag an Afraic Theas in aghaidh na nIosraelach faoin gcinedhíothú a mhaítear atá siad a dhéanamh ar Phalaistínigh Gaza.

Agus í ag labhairt sa chúirt inniu, mhaígh abhcóide Rialtas na hAfraice Theas, Adila Hassim, go raibh Airteagal 2 den Choinbhinsiún um Chinedhíothú sáraithe ag na hIosraelaigh san iamhchríoch Phalaistíneach.

Dúirt sí go bhfuil patrún córasach le feiceáil in iompar na nIosraelach in Gaza ar féidir a mhaíomh dá bhíthin gur cinedhíothú atá ar bun acu ann.

Ionadaithe na hAfraice Theas sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta, 11 Eanáir 2024

De réir an Choinbhinsiúin um Chinedhíothú a ritheadh i 1948, is é is cinedhíothú ann gníomhartha a dhéantar le rún cine, grúpa náisiúnta, grúpa eitneach nó grúpa creidimh faoi leith a scriosadh nó a dhísciú.

Dar leis an Afraic Theas go mbaineann an sainmhíniú seo le hábhar i gcás a bhfuil na hIosraelaigh a dhéanamh gach lá le trí mhí in Gaza, áit a bhfuil os cionn 23,000 duine maraithe acu – sibhialtaigh a bhformhór – gan trácht ar na scórtha míle atá donaithe acu.

Ina theannta sin, áirítear coirp 8,000 duine eile a bheith folaithe ag smionagar na bhfoirgneamh atá leagtha ag buamaí na nIosraelach.

Baineann sé le cás na hAfraice Theas freisin go bhfuil na hIosraelaigh ag coinneáil sóláthairtí riachtanacha d'aon ghnó ó na Palaistínigh.

Dar le habhcóide eile, Tembeka Ngcukaitobi, gur ag na leibhéil is airde i stát Iosrael a cothaíodh an rún Palaistínigh Gaza a dhíothú.

Ag caoineadh na marbh, Rafah, Gaza, 10 Eanáir 2024

Tá abhcóide de bhunadh na hÉireann, Blinne Ní Ghrálaigh, ag cur comhairle ar Rialtas na hAfraice Theas faoin gcás.

Tá na hIosraelaigh lena gcás féin a leagan amach sa chúirt amárach.

Tá sé ráite acu cheana, áfach, nach bhfuil aon bhonn le cás na hAfraice Theas agus gur frith-Sheimíteachas is siocair leis.

Ní aon údarás praiticiúil ag an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta mar nach bhfuil aon chóras ann lena rialuithe a chur i bhfeidhm.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ