I gCúirt Chuarda Choiriúil Bhaile Átha Cliath, gearradh téarma príosúin dhá bhliain go leith ar mhúinteoir meánscoile a ciontaíodh an mhí seo caite i ndrochúsáid ghnéasach a thabhairt do bhuachaill trí bliana déag d'aois beagnach 40 bliain ó shin.
Dúradh i dtriail an mhúinteora, Jacintha McSherry O'Connor, atá 63 bliain agus a bhfuil seoladh aici i nDún na nGall, gur thug sí drochúsáid ghnéasach don bhuachaill ar dhá ócáid agus í ag tabhairt ranganna teagaisc dó ina theach cónaithe sa bhliain 1985.
Ábhar múinteora a bhí inti ag an am agus bhí sí ag obair i meánscoil i mBaile Átha Cliath.
Phléadáil Jacintha McSherry O'Connor neamhchiontach i ndrochúsáid a thabhairt don bhuachaill agus dúradh sa chúirt nach nglacann sé le fíorasc an ghiúiré sa chás, ar fíorasc tromlaigh a bhí ann.
Dúirt an t-íospartach gur ghoill an drochúsáid a thug Jacintha McSherry O'Connor dó, gur ghoill sé go mór air i gcaitheamh a shaoil ó shin go dtí seo.
Thug sé le fios go raibh sé doicheallach agus easumhal nuair a bhí sé ina dhéagóir mar gheall ar an bhfeall a bhí déanta air.
Dúirt an Breitheamh Elma Sheehan gur chuir sí san áireamh agus í ag déanamh a marana ar an bpianbhreith a ghearrfadh sí ar Jacintha McSherry O'Connor, gur chuir sí san áireamh go raibh bearna mhór idir aois an mhúinteora agus aois an bhuachalla.
Chuir sí san áireamh freisin, arsa sí, chomh mór agus a ghoill na cionta ar an íospartach.
Ar an láimh eile de, a dúirt an breitheamh, chuir sí san áireamh an dea-cháil a bhí ar Jacintha McSherry O'Connor roimhe seo, an cúnamh a thug sí do na Gardaí a bhí ag fiosrú an cháis, a gairm bheatha mar mhúinteoir agus mar scrúdaitheoir seachtrach, chomh maith le dílseacht a fir chéile di.
Trí bliana príosúin a ghearr an Breitheamh Sheehan ar Jacintha McSherry O'Connor ach chuir sí na sé mhí dheireanacha ar fionraí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ