Scaoileadh saor inniu fear ocht mbliana déag d'aois a ghabh na Gardaí inné maidir leis an bhfiosrúchán atá ar bun acu faoi bhás bheirt fhear a cailleadh de thoradh ionsaí lámhaigh a rinneadh i mbialann in iarthar Bhaile Átha Cliath Oiche Nollag seo caite.
Níor cúisíodh an fear in aon chion ach deir na Gardaí go bhfuil comhad á réiteach acu le haghaidh an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.
Bascadh agus sádh Tristan Sherry, a bhí 26 bliain, sa bhialann i mBaile Bhlainséir agus bhásaigh sé san ospidéal an oíche chéanna.
Lámhachadh Jason Hennessy, a bhí 48 bliain, sa bhialann agus bhásáigh seisean san ospidéal seachtain ó shin.
Gabhadh triúr roimhe seo mar chuid d'fhiosrúchán na nGardaí faoi bhás na beirte.
Tugadh iad os comhair cúirte agus cúiseanna éagsúla curtha ina leith.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ