skip to main content

Taoiseach ar cuairt dhá lá chuig Iarthar na mBalcán

An Taoiseach Leo Varadkar agus Príomh-Aire na Cosaive Albin Kurti i bPristine inniu
An Taoiseach Leo Varadkar agus Príomh-Aire na Cosaive Albin Kurti i bPristine inniu

Tá an Taoiseach Leo Varadkar sa Chosaiv inniu le haghaidh comhráite faoin iarratas atá déanta ag an tír sin ar bhallraíocht san Aontas Eorpach.

Tá an Taoiseach ag plé na ceiste le ceannairí polaitiúla na Cosaive sa phríomhchathair Pristine mar chuid de chuairt dhá lá atá sé a thabhairt ar thrí thír in Iarthar na mBalcán.

Amárach, rachaidh an Taoiseach go dtí Podgairítse, príomhchathair Mhontainéagró, agus ina dhiaidh sin go dtí Scóipé, príomhchathair na Macadóine Thuaidh, mar a mbeidh comhráite aige le polaiteoirí sa dá thír sin faoin iarratas atá déanta acu féin ar bhallraíocht san Aontas Eorpach.

Beidh cúrsaí síochána agus slándála sa réigiún faoi chaibidil sna comhchainteanna freisin, go háirithe i bhfianaise an chogaidh san Úcráin.

Tráthnóna inniu, rachaidh an Taoiseach ar cuairt chuig na trí chomhalta dhéag d'Óglaigh na hÉireann atá ar fiannas i bPristine mar chuid de mhisean idirnáisiúnta síochánaíochta sa Chosaiv a bhfuil Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh ina cheann.

Labhróidh Leo Varadkar freisin le comhaltaí den Gharda Síochána atá ar fiannas sa Chosaiv mar chuid de mhisean 'riail an dlí' an Aontais Eorpaigh.

Tá Rialtas na hÉireann i bhfabhar ballraíocht san Aontas Eorpach a lamháil don Chosaiv, do Mhontainéagró agus don Mhacadóin Thuaidh, agus beidh an Taoiseach ag cur comhairle ar pholaiteoirí na dtíortha sin faoin dóigh is fearr le dlús a chur leis an bpróiseas.

Beidh sé ag moladh dóibh, thar aon ní eile, a gcuid polasaithe rialachais a leasú agus a fheabhsú.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ