skip to main content

Ceardchumainn agus Rialtas araon 'díomách' tar éis comhráite pá

Kevin Callinan agus a chomhghleacaithe ag labhairt le RTÉ i ndiaidh na gcomhráite ar chomhaontú nua pá
Kevin Callinan agus a chomhghleacaithe ag labhairt le RTÉ i ndiaidh na gcomhráite ar chomhaontú nua pá

Tá sé tugtha le fios ag na ceardchumainn san earnáil phoiblí go bhfuil "an-díomá go deo" orthu faoinar thairg ionadaithe an Rialtais maidir le cúrsaí pá i gcomhráite a bhí ar siúl sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre inné.

I ndiaidh na gcomhráite, nár tháinig deireadh leo go dtí 2 a chlog ar maidin inniu, dúirt Kevin Callinan ón gceardchumann Fórsa go raibh "bearna mhór" idir ar thairg an Rialtas agus ar iarr na ceardchumainn.

Thug sé fios mar sin féin go ndearnadh dul chun cinn ar cheisteanna eile.

Dúirt sé freisin gur tugadh le tuiscint dó gur mhian le hionadaithe an Rialtais a machnamh a dhéanamh ar na ceisteanna ar fad a pléadh sna comhráite sula socrófaí cén uair a thiocfadh an dá dhream le chéile arís.

Tá Kevin Callinan agus a chomhghleacaithe le mionchuntas a thabhairt inniu d'ionadaithe eile ó Chomhdháil na gCeardchumann ar an idirbheartaíocht a bhí ann go nuige seo.

Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe cé go raibh díomá air nár thángthas ar chomhaontú sna comhráite go mbeadh an Rialtas sásta tabhairt faoin margáil an athuair amach anseo.

Caithfear a chinntiú, arsa sé, go n-aimseofar an chothromaíocht cheart idir an infheistíocht a theastaíonn ó sheirbísí poiblí ar thaobh amháin agus ar phá cóir agus inacmhainne ar an taobh eile.

An tAire Caiteachais Phoiblí, Paschal Donohoe

Má bhíonn rath ar na comhráite ar deireadh, d'fhéadfaí ardú pá a thabhairt i mbliana do 385,000 seirbhíseach poiblí – altraí, dochtúirí, Gardaí agus múinteoirí ina measc.

An comhaontú pá deireanach a bhí ann, dá ngaireadh Ag Dul ó Neart go Neart, chuaigh sé in éag i ndeireadh na bliana seo caite.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ