Tá an Rialtas ag beartú trí fhoirgneamh mhóra in áiteanna éagsúla sa Stát a cheannach nó a fháil ar léas go gairid le dúil leas a bhaint astu mar ionaid fháiltithe le haghaidh iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe ón iasacht.
Tuigtear go gcreideann an Rialtas go gcaithfidh níos mó smachta a bheith ag an Stát ar an lóistín a chuirtear ar fáil do na daoine seo i riocht agus go bhfaigheadh cáiníocóirí luach a gcuid airgid.
Cheana féin, tá léas dhá bhliain ag an Stát ar Óstán an Citywest i mBaile Átha Cliath, a bhfuil áit ann le haghaidh 2,000 duine, agus meastar go dteastaíonn ón Rialtas a leithéid a bheith ina eiseamláir ag ionaid nua a bhunófar amach anseo.
Tá an plean le cur faoi bhráid na Comhaireachta as seo go ceann roinnt seachtainí.
Dúirt ceannaire an Chomaontais Ghlais Éamon Ryan inniu go raibh gá le hionaid nua Stáit seachas a bheith i dtuilleamaí saoráidí beaga príobháideacha.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ