Ní fios fós cérbh é an fear a bhásaigh agus é ag codladh amuigh i lár Bhaile Átha Cliath arú aréir.
Fuarthas corp an fhir ar maidin inné in aice leis an iarshéipéal ar Shráid San Aindrias i ndeisceart na cathrach.
Oifig turasóireachta a bhí san iarshéipéal go dtí le gairid ach tá an áit folamh faoi láthair.
Dar le daoine atá ag obair sa cheantar go mbíonn daoine gan dídean ag codladh amuigh go minic thart ar an iarshéipéal.
I ráiteas a tugadh do RTÉ, dúirt Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath nach fios fós cén t-ainm a bhí ar an bhfear a cailleadh agus dá bhrí sin nach bhfuil a fhios acu ar thug siad aon chabhair dó riamh.
De réir na bhfigiúirí oifigiúla is deireanaí, tá thart ar 120 duine ag codladh amuigh sa phríomhchathair.
Go ginearálta, áfach, tá beagnach 6,800 duine fásta gan dídean i mBaile Átha Cliath agus is daoine singile a dhá dtrian.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ