Bhí cruinniú in Ramallah sa Bhruach Thiar inniu ag Rúnaí Stáit Mheiriceá Antony Blinken agus Uachtarán Údarás na Palaistíne Mahmud Abbas chun an ghéarchéim in Gaza a phlé.
Deir na hIosraelaigh gur mharaigh siad "na dosaein sceimhlitheoirí" agus gur thug siad faoi 150 ionad ó inné in Al-Maghazi i lár Gaza agus in Khan Younis i ndeisceart na hiamhchríche.
Dar leis na Palaistínigh gur maraíodh 70 duine agus gur gortaíodh 130 eile de bharr ionsaithe a rinne fórsaí Iosrael ar áiteanna éagsúla in Gaza i gcaitheamh na hoíche.
Tá 23,000 duine ar a laghad maraithe ag na hIosraelaigh in Gaza ó thús Dheireadh Fómhair, gan trácht ar na scórtha míle atá leonta acu.
I gceann an mhéid sin, áirítear coirp 8,000 duine eile a bheith folaithe ag smionagar na bhfoirgneamh atá leagtha go lár ag buamaí na nIosraelach.

Ainneoin an áir, dúirt Antony Blinken roimh an gcruinniú le Mahmud Abbas gur chreid sé go gcaithfeadh Rialtas Iosrael agus ceannairí áirithe na bPalaistíneach dul i gcomhar le chéile agus teacht ar chomhaontú síochána.
Dúirt sé freisin go raibh dualgas ar Údarás na Palaistíne é féin a leasú agus a chur chuige rialachais a fheabhsú.
Tharraing Antony Blinken aird chomh maith ar na hionsaithe atá lonnaitheoirí Iosraelacha a dhéanamh ar áiteanna sa Bhruach Thiar agus ar na lonnaíochtaí mídhleathacha atá Rialtas Iosrael a thogáil i gcríocha Palaistíneacha.
Mhaígh sé go mbeadh sé níos deacra ag na hIosraelaigh maireachtáil go síochánta de dheasca gníomhartha mar iad.
Ag preasócáid a bhí aige le Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu in Tel Aviv inné, dúirt Antony Blinken gur róghéar atá fulaingt mhuintir Gaza – go háirithe na leanaí – de bharr an áit a bheith faoi léigear ag na hIosraelaigh.
Measann na Náisiúin Aontaithe go bhfuil thart ar 1.9 milliún duine curtha as a mbailte in Gaza, agus gan riar a riachtanais acu, ó thosaigh na hIosraelaigh ag tuairgneáil na háite trí mhí ó shin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ