Tá fear óg gafa ag na Gardaí maidir leis an bhfiosrúchán atá ar bun acu faoi bhás bheirt fhear a cailleadh de thoradh ionsaí lámhaigh a rinneadh i mbialann i mBaile Bhlainséir in iarthar Bhaile Átha Cliath Oíche Nollag seo caite.
Ocht mbliana déag atá an té atá a gabhadh agus tá sé á cheistiú i stáisiún Gardaí in iarthar Bhaile Átha Cliath.
Gabhadh triúr eile roimhe seo mar chuid d'fhiosrúchán na nGardaí.
Tugadh an triúr sin os comhair cúirte agus cúiseanna éagsúla curtha ina leith.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ