Lámhachadh agus maraíodh fear 26 bliain d'aois in iarthar Bhéal Feirste aréir.
B'in é Kevin Conway a deir na póilíní a hionsaíodh sa Ghrianán i gceantar Bhóthar Seoighe go gairid tar éis 9 a chlog aréir.
Is cosúil gur in árasán nó in aice le hárásan a lámhachadh é.
Bhí Kevin Conway le cur ar a thriail faoin bpáirt a líomhnaítear a bhí aige i ndúnmharú fir sa Lorgain i dtuaisceart Ard Mhacha bliain ó shin.
Lámhachadh agus maraíodh Shane Whitla, a bhí 39 bliain d'aois, i lána sa Lorgain ar an 12 Eanáir 2023.
Dúirt na póilíní ag an am gur aighneas i measc na gcoirpeach eagraithe dá ngairtear The Firm ba chúis leis an marú.
Bhí sé curtha i leith Kevin Conway gur mheall sé Shane Whitla chuig an lána, áit ar lámhach roinnt fear eile é.
Saoradh ar bannaí Kevin Conway cé go ndúirt na póilíní go raibh daoine a bhí bainteach le Shane Whitla ag iarraidh é a mharú.
Tá marú Kevin Conway cáinte ag feisire parlaiminte Bhéal Feirste Thiar Paul Maskey ó Shinn Féin.
Dúirt sé go raibh muintir na háite suaite dá bharr.
Dúirt comhairleoir áitiúil ón SDLP Paul Doherty gur chuir an marú scéin i ndaoine sa cheantar agus d'iarr sé ar aon duine a mbeadh aon eolas ábhartha acu labhairt leis na póilíní.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ