skip to main content

'Is ar ámharaí an tsaoil a tháinig folachánaithe slán' – McEntee

Fuarthas ceithre dhuine dhéag i leantóir leoraí in Eoraphort Ros Láir
Fuarthas ceithre dhuine dhéag i leantóir leoraí in Eoraphort Ros Láir

Tá sé ráite an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee nach raibh ann ach ar ámharaí an tsaoil nár cailleadh aon duine de na daoine a fuarthas i leantóir leoraí in Eoraphort Ros Láir i gCo Loch Garman go moch ar maidin inné.

Ceithre dhuine dhéag a fuarthas sa leantóir cuisnithe – naonúr fear, triúr ban agus beirt chailíní – tar éis do dhuine acu glao éigeandála a chur ar na húdaráis.

Rinneadh measúnú leighis ar na folachánaithe ar an mball agus dearbhaíodh go raibh siad ar fad ina sláinte.

Tuigtear gur Coirdínigh agus daoine de bhunadh Vítneam is ea iad.

Tugadh chuig ionad inimirce i Ros Láir iad agus táthar lena gcuid dintiúr a phróiseáil.

Tá sé deimhnithe ag an Taoiseach Leo Varadkar ó shin go bhfuil cead ag gach duine den cheithre dhuine dhéag iarratas a dhéanamh ar thearmann a fháil sa tír seo, é sin nó filleadh ar a dtíortha dúchais.

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt an comhairleoir contae neamhspleách Ger Carthy go mb'fhéidir go raibh ar na folachánaithe poll a dhéanamh sa leantóir leoraí chun aer a ligean isteach ann.

Creideann Ger Carthy gur shíl na himircigh raibh siad le teacht den leoraí i Sasana agus gur gan choinne a tháinig siad go hÉirinn.

Más fíor sin, arsa sé, chaith siad 30 uair an chloig breise ar a laghad sa leoraí ná mar a bhí súil acu leis.

Thug sé le fios freisin gur chreid sé go mbeadh tuilleadh cásanna mar é ann san am atá le teacht agus Eoraphort Ros Láir níos gnóthaí ná riamh ó d'imigh an Bhreatain as an Aontas Eorpach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ