Tá cáipéis aimsithe sa Spáinn a thugann léargas nua ar bhás Aodha Rua Uí Dhomhnaill sa Spáinn sa bhliain 1602. Is amhlaidh a chuireann an cháipéis seo leis an mhistéir a bhaineann lena bhás, áfach, seachas soiléiriú a thabhairt ar cad go díreach a tharla.
Tá sonraí na cáipéise foilsithe in eagrán na míosa seo den iris Comhar. Lena chois sin, tá leagan Gaeilge d'uacht agus do thiomna an taoisigh aistrithe go Gaeilge den chéad uair ag an údar Conallach Eithne Ní Ghallchobhair don iris.

Fuair Aodh Rua Ó Domhnaill bás i gCaisleán Simancas gar do chathair Valladolid sa bhliain 1602. Chuaigh sé chun na Spáinne tar éis chliseadh Chath Chionn tSáile chun achainí a iarradh ar Rí Pilib 111 cuidiú a thabhairt do na Taoisigh Ghaelacha a bhí ag troid in éadan na Sasanach. Tháinig sé i dtír in A Coruña na Gailíse agus fuair sé cuireadh castáil leis an rí i Valladolid, 450 ciliméadar soir ó dheas. Ach níor éirigh leis a cheann scríbe a bhaint amach. Cailleadh é ar an 10 Meán Fómhair, 1602, i gCaisleán Simancas, 17 ciliméadar ó Valladolid. Bhí sé 29 mbliana d'aois nuair a bhásaigh sé.
An Spiaire?
Cé gur dúradh ag an am gur mar thoradh ar ionfhabhtú ó phéist ribíneach a bhásaigh sé, síleann go leor daoine gur thug spiaire as Gaillimh, James Blake, nimh dó. Tugann cáipéis atá aimsithe anois i gcartlann stairiúil Simancas, 420 bliain tar éis bhás Aodha Rua, léargas ar mhéid an amhrais a bhí ar údaráis na Spáinne faoin chúis go raibh an Blácach sa taobh sin tíre ag an am.
Is éard atá sa cháipéis nua-aimsithe ná liosta de cheisteanna a bhí le cur ar Blake. Is léir ón cháipéis go raibh mioneolas ag údaráis na Spáinne faoi Blake agus faoi staid na hÉireann ag an am, rud a thabharfadh le fios go raibh gréasán láidir faisnéise agus bailithe eolais acu sa tír seo. Theastaigh uathu a fháil amach go príomha cad a thug chun na Spáinne an Blácach ó tharla gur 'searbhónta de chuid Bhanríon Shasana a bhí ann le trí bliana roimhe sin.' Cúig cheist déag san iomlán atá sa cháipéis a bhain lena chaidreamh le hAodh Ó Néill, le hIarla Deasmhumhan agus le hIarla Clann Riocard. Bhí ceist le cur fosta faoin teagmháil a bhí aige le hUachtarán na Mumhan, George Carew, a throid in éadan na nGael i gCath Chionn tSáile. Tháinig sé chun cinn blianta fada ina dhiaidh sin gur iarr an Blácach beannacht Charew taisteal chun na Spáinne le hAodh Rua a fheallmharú. Ní léir ón cháipéis seo ar cuireadh na ceisteanna ar Blake nó má cuireadh, cén fhreagra a thug sé orthu.

Níl aon tuairisc ón am a thug le fios gur tháinig Blake ná aon strainséir eile i gcomhluadar Uí Dhomhnaill sula bhfuair sé bás. Lena chois sin, d'ainneoin amhras na Spáinneach faoi Blake, níor cúisíodh ná ciontaíodh riamh é sa chás. Mar sin de, maireann an mhistéir faoi bhás an taoisigh óig.
In agallamh atá foilsithe in eagrán na míosa seo de Comhar deir an staraí Hugo O'Donnell go bhféadfadh go bhfuil bunús leis an dá theoiric. "Tá dealramh leis an dá thuairim ach níl ceachtar acu cruthaithe," a dúirt Hugo O'Donnell, atá ina cheannasaí ar chlann Uí Dhomhnaill. "Mar staraí, ní thig liom teacht anuas ar thaobh amháin nó ar an taobh eile, ach ní féidir a chur as an áireamh gur tharla an dá ní ag an am céanna."
An Phéist?
"Is deacair a shamhlú go bhfaighfeadh fear láidir, a bhí fós i mbláth na hóige agus lán le fuinneamh agus a raibh taithí aige ar achan sórt cruatan, bás tobann", a deir Hugo O'Donnell. "Ag an am sin, níor tháinig ionfhabhtú ó phéist ribíneach aniar aduaidh ar dhaoine mar go mbíodh na comharthaí sóirt, ar nós cailliúint meáchain agus easpa nirt, le sonrú thar thréimhse fhada. Dá mba rud é go raibh comharthaí na péiste ar Aodh Rua, ní bheadh sé ábalta tabhairt faoi go leor dá chuid gníomhartha a rinne sa Spáinn ná tabhairt faoi thuras fada".
I mBealtaine na bliana 2022 theip ar thochailt a deineadh faoi bhun Banco de Santander i Valladolid (an áit ina meastar a cuireadh Aodh Rua) teacht ar thaisí phrionsa Thír Chonaill. In ainneoin sin, maíonn an grúpa a bhí ag plé leis an tochailt go bhfuil sé i gceist acu sraith d'imeachtaí a eagrú sna blianta beaga amach romhainn chun Aodh Rua a thabhairt chun cuimhne sa chathair inar cuireadh é.
Plaza Red Hugh O'Donnell
Tá sé i gceist ag an Chumann Easpáineach-Éireannach an ceangal le hÉirinn a bhuanú sna blianta beaga amach romhainn. Tá feachtas bunaithe acu chun go n-ainmneofaí faiche úr sa chathair i gcuimhne an taoisigh óig - Plaza Red Hugh O'Donnell. Is mian leofa fosta go nochtfaí leaca cuimhneacháin d'Aodh Rua i gCaisleán Átha Cliath agus i Santiago de Compostela i 2024.

i gCaisleán Simancas (thuas) 17 ciliméadar ó Valladolid. .
Tá teagmháil déanta fosta ag an Chumann le Comhairle Chontae Dhún na nGall maidir le cáipéisí stairiúla a bhaineann le hAodh Rua a chur ar taispeáint ina chontae dúchais. Is ceann de Chartlanna Náisiúnta na Spáinne anois é an caisleán i Simancas inar cailleadh Aodh Rua agus tá stór iontach cáipéisí a bhaineann leis an tréimhse le fáil ann.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ