skip to main content

Trump in Washington don éisteacht maidir lena dhíolúine ó ionchúiseamh

Tá iarUachtarán Trump tagtha go Washington le freastal ar an éisteacht maidir lena iarratas ar dhíolúine ó ionchúiseamh
Tá iarUachtarán Trump tagtha go Washington le freastal ar an éisteacht maidir lena iarratas ar dhíolúine ó ionchúiseamh

Tá iarUachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, tagtha go Washington, áit a bhfuil sé le freastal ar éisteacht maidir le hiarratas a chuir sé faoi bhráid Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe. San iarratas sin, tá a fhoireann dlí ag argóint gur chóir go mbeadh díolúine aige - mar iar-uachtarán - ó ionchúiseamh. Baineann an t-iarratas leis na cúiseanna ina choinne in Georgia, is é sin, gur chuir sé torthaí an toghcháin in 2020 as a riocht. Tá an triail in Georgia curtha ar athló i bhfianaise an iarrtais seo.

Tá 41 cúis curtha i leith Donald Trump agus 18 duine eile. Baineann na cúiseanna ar fad le hiarrachtaí torthaí an toghcháin a chur ar neamhní, i ndiaidh dó é a chailliúint go Joe Biden. Ach 'sí an cheannairc in Washintgon, tráth a rinne lucht tacaíochta Donald Trump ruathar ar Áras an Chaipeatóil, is mó a mhaireann i gcuimhne na ndaoine. Tá sé curtha i leith Donald Trump gur ghríosaigh sé an drong i mbun ceannairce. Maraíodh naonúr le linn an chlampair.

An cheannairc ar Chnoc an Chaipeatóil, 6 Eanáir 2020

Tá tús le cur leis an triail in Georgia i mí an Mhárta. Ach tá dlíodóirí Donald Trump ag argóint gur chóir go gcaithfí na cúiseanna amach.

Tosóidh na stáit ag roghnú a n-iarratasóra don toghchán i 2024 an tseachtain seo chugainn. Beidh an toghchán ar siúl ag deireadh na bliana.

Ó thaobh na trialach in Georgia, tá Donald Trump ag maíomh go bhfuil géarleanúint pholaitiúil á déanamh air. Agus léiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil an-dúil ag lucht tacaíochta an Pháirtí Dhaolathaigh sa bholscaireacht sin.