skip to main content

"Bás nádúrtha" a fuair an t-amhránaí Sinéad O'Connor

Bhain Sinéad O'Connor clú agus cáil amach a chéaduair leis an amhrán Mandinka i 1987 óna céad albam The Lion and the Cobra
Bhain Sinéad O'Connor clú agus cáil amach a chéaduair leis an amhrán Mandinka i 1987 óna céad albam The Lion and the Cobra

Tá sé deimhnithe ag cúirt cróinéara i Londain go bhfuair an t-amhránaí Sinéad O'Connor bás nádurtha.

Fuair sí bás i Londain mí Iúil seo caite. Bhí sí 56 bliain d’aois.

D’eisigh an chúirt ráiteas, inar thug siad le fios nach bhfuil aon bhaint acu níos mó lena bás, ó tharla gur bás nádúrtha a bhí ann. Dúirt siad freisin nach mbeadh aon ní eile le rá acu.

I mBaile Átha Cliath a rugadh Sinéad O'Connor i 1966 agus i nGleann na gCaorach i ndeisceart an chontae a tógadh í.

Bhain sí clú agus cáil amach a chéaduair leis an amhrán Mandinka i 1987 óna céad albam The Lion and the Cobra agus níos mó clú fós le Nothing Compares 2 U i 1990.

Chaoin na sluaite an t-amhránaí ag a sochraid i mBré

Chaoin na sluaite an t-amhránaí ag a sochraid i mBré, Co Chill Mhantáin ar 9 Lúnasa.