Tá Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron i ndiaidh príomhaire nua a cheapadh. Is é Gabrial Attal, Aire Oideachais na Fraince, atá ainmnithe aige. Meastar gur ag iarraidh níos mó tacaíochta a mhealladh chuige féin atá Emmanuel Macron, roimh na toghcháin Eorpacha, a bheas ar siúl i mí an Mheithimh.

De réir pobalbhreitheanna, tá níos mó tacaíochta i measc an phobail sa bhFrainc faoi láthair do pháirtí Marine Le Pen, ná mar atá ann do rialtas Macron. Tá Marine Le Pen ina ceannaire ar Rassemblement National, páirtí atá i bhfad amach ar an eite dheis. Chiall páirtí Emmanuel Macron, Renaissance - atá sa lár - tacaíocht anuraidh, i bhfianaise cinntí conspóideacha a ghlac siad ar chúrsaí pinsin agus ar chúrsaí inimirce.

Tiocfaidh Gabrial Attal, atá 34 bliain d'aois, i gcomharbacht ar Elisabeth Borne, atá ina príomhaire faoi láthair.
Léiríonn pobalbhreitheanna go bhfuil an-dúil ag pobal na Fraince ann mar pholaiteoir; aithnítear gur aire deisbhéalach cumasach atá ann.
Tharraing sé clú agus cáil air féin i rith na paindéime, tráth a bhí sé ag feidhmiú mar urlabhraí thar ceann an rialtais.