skip to main content

2023 ar an mbliain ba theo riamh ó cuireadh tús leis na taifid

Bhí Iúil na bliana seo caite ar an mí ba theo riamh ó cuireadh tús leis na taifid
Bhí Iúil na bliana seo caite ar an mí ba theo riamh ó cuireadh tús leis na taifid

Tá sé deimhnithe go raibh 2023 ar an mbliain ba theo ó cuireadh tús leis na taifid. Ar an meán, bhí an teocht 1.5 céim Celsius níb airde ná mar a bhí sí le linn na ré réamhthionsclaíche.

Léiríonn tuarascáil de chuid Copernicus, an tseirbhís de chuid an Aontais Eorpaigh a bhíonn ag plé le hathrú aeráide, gur ag tráthanna áirithe i rith 2023, go raibh an teocht dhá chéim Celsius ní ba theo ná mar a bhí sí le linn na ré réamhthionsclaíche. Lena chois sin, bhí Iúil na bliana seo caite ar an mí ba theo ó cuireadh tús leis na taifid; is amhlaidh go measann eolaithe go raibh sí ar an mí ba theo riamh le 120,000 bliain anuas.

Ina theanta sin, bhí an leibhéal muiroighir ab ísle riamh san Antartach.

14.98C a bhí mar mheánteocht i rith 2023. B'í 2016 an bhliain ba theo riamh roimhe sin, tráth a raibh an meánteocht 0.17C níb ísle.

Bhí an leibhéal muiroighir ab ísle riamh san Antartach le linn 2023

Tá coimitmint tugtha ag an bpobal idirnáisiúnta faoi Chomhaontú Pháras gur gá téamh domhanda a choimeád faoi bhun 1.5C os cionn na meánteochta réamhthionsclaíche, chun go gcuirfear an domhan ar bhealach a leasa.

Meastar go mbaineann cuid den ardú anuraidh leis an El Nino, feiniméan aimsire nádúrtha san Aigéan Ciúin, a thug teas léi go dtí dromchla an domhain.