Tá an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, le reachtaíocht a thabhairt os comhair na comhaireachta, faoina gcuirfear i bhfeidhm an cinneadh a glacadh roimh an Nollaig, maidir le híocaíochtaí leasa shóisialta d'Úcránaigh a laghdú. Bainfidh na laghduithe leis na hÚcránaigh atá tagtha chun na hÉireann den chéad uair.
Táthar ag súil go mbeidh an reachtaíocht curtha i bhfeidhm faoi dheireadh na míosa seo.
Faoin gcóras nua, ní bheidh Úcránaigh nua atá díreach tagtha chun na tíre in ann níos mó ná 90 lá a chaitheamh i lóistín de chuid an stáit. Le linn don stát a bheith ag cur lóistín ar fáil dóibh, íocfar €38.80 leo mar liúntas maireachtála. Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, íoctar €232 leo in aghaidh na seachtaine.
I ndiaidh do na hÚcránaigh lóistín stáit a fhágáil, áfach, íocfar ráta níos airde leo. Cuirfear tacaíocht ar fáil dóibh chun cuidiú leo fostaíocht a fháil agus iarrfar orthu a bheith i dteagmháil le Seirbhís Fostaíochta Poiblí na Roinne Coimirce Sóisialaí.

Poiblí na Roinne Coimirce Sóisialaí.
Tá plean fadthéarmach á dhréachtadh ag an rialtas faoi láthair maidir le lóistín don lucht iarrtha tearmainn agus tá súil go ndéanfaidh an chomhaireacht plé air sin sna seachtainí amach romhainn.
Ceann amháin de na beartais atá luaite faoin bplean sin, a thuairiscítear, is ea an moladh go n-íocfaidh siad siúd atá fostaithe ag an stát sciar áirithe den chostas lóistín as a dtuarastal féin.
Tá 104,000 Úcránach atá tagtha chun na hÉireann ó thús an chogaidh in aghaidh na Rúise dhá bhliain ó shin.