skip to main content

"Tá údar dóchais ann go fóill sa réiteach Dhá Stát" - Blinken

I ndiaidh dó bualadh le hUachtarán Iosrael, Isaac Herzog (ar dheis), dúirt Anthony Blinken go raibh sé ríthábhachtach go ndéanfadh fórsaí Iosrael oiread agus is féidir le líon na sibhialtach atá á marú i nGaza a choimeád chomh híseal agus is féidir.
I ndiaidh dó bualadh le hUachtarán Iosrael, Isaac Herzog (ar dheis), dúirt Anthony Blinken go raibh sé ríthábhachtach go ndéanfadh fórsaí Iosrael oiread agus is féidir le líon na sibhialtach atá á marú i nGaza a choimeád chomh híseal agus is féidir.

Dúirt Státrúnaí Mheirceá, Anthony Blinken, in Tel Aviv inniu go bhfuil deis ann go fóill réiteach taidhleoireachta a aontú ar an gcogadh idir Iosrael agus Hamas, más féidir le hIosrael a léiriú do na tíortha Arabacha eile in aice láimhe go bhfuil siad tiománta i dtaobh Stát Pailistíneach a bhunú, a bheas in ann seasamh ar a chonlán féin. Tá Anthony Blinken sa Mheánoirthear faoi láthair, i mbun cainteanna féachaint le bac a chur ar scaipeadh na coimhlinte ar fud an réigiúin.

Bhí sé san Iordáin, i gCatar, in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus san Araib Shádach cheana féin le trí lá anuas, agus thug sé le fios go gcuirfeadh sé in iúl do cheannairí Iosrael na tuairimí a chuala sé ó cheannairí na dtíortha eile sin, le linn dó a bheith ar cuairt leo.

I ndiaidh dó bualadh le hUachtarán Iosrael, Isaac Herzog, dúirt Anthony Blinken go raibh sé ríthábhachtach go ndéanfadh fórsaí Iosrael oiread agus is féidir le líon na sibhialtach atá á marú i nGaza a choimeád chomh híseal agus is féidir.

Agus na cainteanna sin ag dul ar aghaidh, áfach, tuairiscíodh gur maraíodh 57 duine in ospidéal i lár Ghaza. Tuairiscíodh básanna i dtuaisceart an stráice freisin, agus ó dheas in Khan Younis, deir Iosrael gur mharaigh siad "40 sceimhlitheoir" le ceithre huaire is fiche anuas. Deir Iosrael freisin gur aimsigh siad tolláin agus airm de chuid Hamas ansin.