Is féídir go mbainfidh an teocht -5 chéim Celsius thar oíche agus Foláireamh Aimsire Buí do Theocht Íseal i bhfeidhm óna 9 a chog anocht.
Beidh sioc crua ann agus páistí oighir chomh maith le paistí ceo agus ceobhráin in áiteanna.
Mairfidh an foláireamh go dtína 10 ar maidin.
Is cosúil anois go mairfidh an aimsir fhuar seo go dtí Dé hAoine, agus súil go dtitfidh an teocht san oíche go dtí tuairim is -3 chéim Celsius formhór na laethanta.
Deir Met Éireann go bhféadfadh coinníollach tiomána contúirteach bheith ann as an sioc crua, na paistí oighir agus an ceo tiubh.
Ní bheidh mórán báistí ar an iomlán ach d'fhéadfadh an corrcháitheadh sneachta bheith i gCill Mhantáin, Loch Garman, Port Láirge agus ar shléibhte Bhaile Átha Cliath.
Tá fainic á chur lucht gluaisteán faoi phaistí oighir ar bhóithre ó na ceathanna agus an sioc crua ina dhiaidh.
Bhi sé ina 'lá oighir' i dtuaisceart Chorcaí inné, a deir Met Éireann, sin tréimhse 24 uair nuair nach ndeachaigh an teocht os cionn an reophointe.
Beidh an scéala mar an gcéanna sa Tuaisceart, agus an Met Office i Londain ag tuar sioc agus oighir anocht agus an teocht ag baint -4 chéim Celsius amach, nó go deimhin ag dul níos ísle.