skip to main content

Agóid Bhaile an Róba thart, teaghlaigh le lonnú san iar-óstán ar an mbaile

Teaghlaigh atá ag lorg dídin a lonnófar san iar-óstán i mBaile an Róba i gCo. Mhaigh Eo anois, seachas an leathchéad fear mar a bhí beartaithe ar dtús.

Sin é atá dearbhaithe ag an Roinn Rannpháirtíochta tráthnóna, á rá go bhfuil ganntanas mór cóiríochta ann do theaghlaigh le páistí atá gan foscadh ná dídean. Tabharfar teaghlaigh agus páistí chuig an iar-óstán i gceann roinnt laethanta.

De bharr an chor is deireanaí seo, tá an agóid a bhí ar bun ag iar-óstán JJ Gannons ar an bPríomh-Shráid ón Aoine, scortha anois agus tá lucht eagraithe na hagóide ag iarraidh ar dhaoine dul abhaile.

Thosaigh an agóid Dé hAoine nuair a chuaigh an scéala amach go raibh suas le 50 fear le lonnú san ionad. Rinne agóidithe gearáin faoin easpa cumarsáide agus comhairliúcháín le muintir an bhaile, agus faoin mbrú, a deir siad, a chuirfeadh an grúpa breise seo ag sheirbhísí sa cheantar.

Dúirt Frank Keane,cathaoirleach chomhairle an phobail ag am lóin inniu, go raibh fáilte á chur roimh an gcor is deireanaí seo, agus go raibh fáilte roimh an eolas breise agus an trédhearcacht a tugadh dóibh, seachas an fógra lae a bhí ann Dé hAoine.

Ach, bhí gá le maoiniú a dhéanamh anois a dúirt sé lena chinntiú go mbeidh na seirbhísí cearta i bhfearas d'aon dream a bheadh ag teacht.

Deir sé freisin go raibh muintir na háite sásta go mbeadh teaghlaigh agus páistí á lonnú san iar-óstán, agus gurb íad an t-aon dream a bhí ag iarraidh leanúint den agóid anois iad 'daoine ón taobh amuigh'.

Labhair Michelle Smith, a bhí ag an ionad i rith an deireadh seachtaine, leis an slua agus dúirt leis an 40 duine nó mar sin a bhí ann gur cheart dóibh 'dul abhaile chuig a dteaghlaigh' mar gur éirigh leis an agóid shíochánta agus dúirt go mbeadh fáílte á cur roimh na teaghlaigh agus páistí ar an mbaile.

Idir an dá linn, dúírt príomhfheidhmeannach Chomhairle Dhídeanaithe na hÉireann go raibh gá le feachtas cumarsáide le dualgaisí dlithiúla na hÉireann i leith chosaint dídeanaithe a mhíniú.

Líne thanaí, a dúirt sé, atá idir imní a bhfuil údar leis agus dul i dtreo cainte na heite deise agus an mhí-eolais.