skip to main content

Soláthairtí leighis WHO chuig Gaza curtha ar ceal de bharr easpa slándála

Tá misean le soláthairtí leighis a thabhairt isteach i dtuaisceart Gaza curtha ar ceal ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO), an ceathrú uair ó Lá 'le Stiofáin a rinneadh amhlaidh.

Deir an WHO gurbh éigean dóibh sin a dhéanamh nuair a theip orthu barántais slándála a fháil do na misin.

Bhí an soláthar leighis le tabhairt chuig ospidéal Al-Awda agus an lár-stóras leighis i dtuaisceart na hiamhchríche.

Tá 12 lá ann ó d'éirigh linn dul fhad le tuaisceart Gaza, a dúirt oifig WHO sa Phailisínt ar X.

Deir siad freisin gur tréanionsaithe buamála, coscanna taistil agus cumarsáid bhriste iad na rudaí a dhéanann beagnach dodhéanta é na soláthairtí riachtanacha a sheachadadh.

Cúig ospidéal a bheadh ag brath ar an soláthar is deireanaí a cuireadh ar ceal.

Deir urlabhraí rialtais Iosrael nach raibh aon eolas acu ar ráiteas an WHO.

Chuir Ard-Rúnaí an WHO postáil ar X á rá gur chuir scála na riachtanais sláinte i nGaza agus an scrios atá déanta ann alltacht air.

Mhaigh Tedeos Adhanom Ghebreyesus go leanfaidh a thuilleadh báis agus fulaingte as aon mhoill eile.