Tá Stát-Rúnaí Thuaisceart Éireann tar éis scíobh chuig an Aire Gnóthaí Eachtracha, agus é ag ceistiú agóid dlithiúil an Rialtais in aghaidh reachtaíocht Trioblóidí na Breataine sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine.
Baineann an chonspóid leis an Northern Ireland Troubles (Legacy and Reconciliation) Act 2023, reachtaíocht faoina gcuirfear deireadh le coistí cróinéara agus cásanna sibhialta faoi bhásanna i rith na dTrioblóidí.
Tabhafaidh an tAcht freisin díolúine teoranta ó ionchúiseamh i leith choireanna a rinneadh aimsir na dTrioblóidí dóibh siúd a bheidh ag comhoibriú leis an gCoimisiún Neamhpsleách um Athmhuintearas agus Théarnamh Faisnéise (ICRIR).
Chuir grúpaí ionadaíoch ar dhaoine a d'fhulaing sna Trioblóidí, priomhpháirtithe Stormont agus an Rialtas in aghaidh na reachtaíochta nua.
An mhí seo caite, dúírt an Taoiseach Leo Varadkar nach raibh aon rogha ag an Rialtas ach agóid dlithiúil a dhéanamh ina aghaidh. Dúiirt an Tánaiste Micheál Martin gur le drogall a bhí an agóid dhlithiúíl á dhéanamh nuair nár éirigh le hÉirinn athrú intinne a thabairt ar rialtas Westminster.
Tugann litir Chris Heaton-Harris dúshlán an Rialtais na hionchúisimh uile a bhain leis na Trioblóidí atá tugtha ag an Stát ó 1998 a liostáil, agus iarrann ar an Rialtas ceisteanna a fhreagairt faoina bhfuil déanta acu ' ina ndlínse féin' le dul i ngleic le ceisteanna oidhreachta ó na triobloidí
Deir Oifig Thuaisceart Éireann leis an Press Association gur eisíodh an litir ag cur in iúl an 'aiféala mhór' atá rialtas na Breataine faoia chás na hÉireann sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine.
Chomh maith leis an iarratas ón Stát-Rúnai ar an Rialtas na hionchúísimh a liostáil, tá cáineadh ann freisin faoi 'am míthráthúil' an chinneadh á rá gur am íogair é i dTuaisceart Éireann agus iarrachtaí ar bun leis an bhFeidhmeannas a athbhunú i Stormont.
Is oth le rialtas Westminster, a deir an ráiteas, go bhfuil an beart seo déanta ag an Rialtas gan aon phlé leis an ICRIR lena fháil amach cé mar a phléifidh an Coimisiún le híospartaigh agus le daoine a d'fhulaing tríd na Trioblóidí.