D'éirigh le Liverpool a mbealach a dhéanamh chomh fada leis an 4ú babhta de Chorn FA Shasana.
2-0 an scór deiridh a bhí i Staid na nEimirití agus foireann Jurgen Klopp ag bualadh Arsenal sa 3ú babhta.
Ba é seo an cluiche mór den bhabhta d'fhéadfaí a rá.
Ní fhacthas aon chúl go 10 nóiméad ón deiridh, chuir Jakub Kiwior an liathróid isteach ina chúl féin ansin agus chinntigh cúl ó Luis Diaz in am cúitimh gortaithe gur le Liverpool a bheadh an lá.
Beidh a fhios ag Liverpool amárach cé a bheidh leo i mbabhta 4.