Tá An Gleann ó Dhoire tar éis cáiliú do chraobhchluiche ceannais peile sinsir na gclub.
Bhí an bhearna is lú d'fharasbarr acu ar Chrócaigh Chill Mochuda as Baile Átha Cliath tráthnóna.
Chonacthas críoch drámatúil san Iúr, cúl ón nGleann ar dtús agus muid in am cúitimh do ghortaithe.
Chuir sin buachaillí Dhoire 4 chúilín chun cinn.
Ar ais leis na Crócaigh agus d'éirigh leo féin cúl a scóráil, liathróid ard ag titim glan isteach thar an líne cúil.
Gan amhras, bhí baint ag an gceobhrán a chonacthas ar fud na páirce i gcaitheamh an chluiche, leis an scór sin.
Ach níorbh fhada ina dhiaidh gur séideadh an fheadóig scoir agus thug An Gleann an 'sway' leo le haon chúilín amháin.
An scór deiridh: An Gleann 1-14, Cill Mochuda 2-10
Casfaidh An Gleann anois ar Naomh Bríd sa chluiche ceannais.
D'éirigh le seaimpíní Chonnacht as Ros Comáin an lámh in uachtar a fháil ar Ghleann Bearcháin ó Cho.Chorcaí sa gcéad chluiche leathchraoibhe a bhí ar siúl i nDúrlas,Co.Thiobraid Árann san iarnóin.
Is í seo an triú huair as a chéile ag Naomh Bríd sa chluiche ceannais craoibhe.
An scór deiridh:Naomh Bríd 1-11,Gleann Bearcháin 0-10