Is é an t-am sin bliana arís é, an chéad tseachtain d'Eanáir tráth a mbíonn 32 cumann sacair i Sasana ag dréim le háit a bhaint amach sa 4ú babhta de Chorn an FA.
2 chlub a bhfuil tradisiún láidir acu sa chomórtas is Liverpool agus Arsenal.
Faraor, caithfidh ceann díobh slán a fhágáil leis an gcomórtas luath sa séasúr os rud é gur tarraingíodh in aghaidh a chéile iad sa 3ú babhta.
Is ag an mbabhta sin a thagann foirne na príomhroinne agus na craoibhe isteach sa chomórtas agus caitear isteach sa tarraingt iad le pé foireann óna ranna níos ísle a thagann chun cinn ón dá bhabhta eile.
Aon fhoireann ar mian leo an corn a chrochadh leo, caithfidh siad ar a laghad 6 chluiche a bhuachan.
Ceann de na tréithe is suntasaí bainteach le Corn an FA is ea an tarraingt oscailte; is é sin nach ndéantar aon scagadh i dtaca le caighdeán na bhfoirne beag beann ar an mbabhta.
Is minic piardaí an chluiche in aghaidh a chéile, nó ar uairimh freisin foireann mhór iomráiteach in aghaidh fhoireann sna ranna ísle ar bheagán acmhainní.
Marfóirí an fhathaigh nó 'Giantkillers' a thugtar ar fhoirne bheag a chloínn na piardaí móra agus tá neart samplaí againn dó i stair an chomórtais seo.
Is iomaí sin coimhlint ghéar a bhí ag imreoirí chathair Learphoill agus Arsenal Thuaisceart Londain le chéile agus déarfainn nach aon eisceacht a bheidh i gcluiche an lae inniu.
Tá an cluiche idir Arsenal agus Liverpool i Staid na nEimirití tosaithe ó 1630, gan aon scór go fóill.