skip to main content

'Seachtain dhúshlánach roimh chúramóirí sláinte'-Gloster

Príomhfheidhmeannach an HSE,Bernard Gloster
Príomhfheidhmeannach an HSE,Bernard Gloster

'Tá seachtain dhúshlánach romhainn sa chóras cúram sláinte' a dúirt Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE),Bernard Gloster inniu.

Bhí an tUasal Gloster ag labhairt ar an gclár raidió 'This Week'.

Dúirt sé gur dócha go bhfeicfear buaicphointe an chórais fhliú sna hospidéil phoiblí sna laethanta atá romhainn.

Dúirt sé áfach gur bhraith sé go raibh na rannóga éigeandála sna hospidéil ag déanamh go maith i bhfianaise an bhrú atá orthu.

Tá obráidí, nach bhfuil práinn mhór leo curtha ar ceal i scata ospidéil.

Tá sé ráite ag an Uasal Gloster le hospidéil gan obraidí dá leithéid a shocrú faoi láthair.

Maidir le cás Aoife Johnston, dúirt sé go raibh súil aige bualadh lena teaghlach gan mhoill agus ghabh leithscéal leo as ar tharla don chailín óg in Ospidéal Ollscoil Luimnigh.

D'admhaigh sé go raibh teip thromchúiseach sa gcóras ba thruaig lena bás breis is bliain ó shin agus go mbeadh an eachtra thruamhéalach á chíoradh ag an Bhreitheamh Frank Clarke.