Dúirt an Taoiseach,Leo Varadkar go bhféadfadh sé gur dócha ná a mhalairt é go bhfuil coireanna cogaidh tarlaithe i Stráice Gaza le 3 mhí.
Ach bheadh an 2 thaobh,Iosrael agus Hamas freagrach astu a thug sé le fios.
Bhí an Taoiseach ag labhairt le linn a agallaimh túsbliana ar an gclár nuachta raidió de chuid RTÉ, 'This Week'.
Bhí sé meáite cúramach ina chuid cainte nuair a ceistíodh é ar chreid sé go raibh cinedhíothú ar bun ag Iosrael i Stráice Gaza.

'Caithfidh muid a bheith cúramach faoi chinedhíothú sa chomhthéacs sin' a dúirt an Taoiseach agus is 'faoin gCúirt Idirnáisiúnta a léithid de thromchúis a mheas'.
'Tharla cinedhíothú cheana' a dúirt sé 'nuair a chuir réamas Adolf Hitler roimhe gach aon Ghiúdach san Eoraip a dhúnmharú'.
Maidir le haitheantas oifigiúil a thabhairt do stát Pailistíneach dúirt an Taoiseach nach dóigh leis gur don tír seo amháin an t-aitheantas sin a thabhairt go haontaobhach.
'Tá cainteanna ar bun ag leibhéal Eorpach ina leith seo' a dúirt sé agus 'is i dteannta thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) agus mar chuid de réiteach síochána is fearr a thabharfaí an t-aitheantas sin'.
Maidir le géarchéim na hÚcráine, dúirt sé go bhfuil dóchas aige go dtiocfaí ar chomhréiteach ag leibhéal an AE go luath i dtaca le pacáiste tarrthála airgid a chur ar fáil don tír sin sa chogaíocht in aghaidh na Rúise.