skip to main content

Beirt iriseoirí maraithe in ionsaí aeir i Gaza

Beirt iriseoirí maraithe in ionsaí aeir i Gaza
Beirt iriseoirí maraithe in ionsaí aeir i Gaza

Tá beirt iriseoirí maraithe in ionsaí aeir i Gaza.

Fear ceamara leis an gcainéal nuachta Arabach, Al-Jazeera ab ea duine díobh, ba ag obair leis an nuachtáisíneacht Fhrancach,AFP a bhí an duine eile.

Ag taisteal i ngluaisteán a bhí an bheirt nuair a tharla an t-ionsaí buamála lámh le Rafah i ndeisceart an stráice.

3 mhí anois atá an chogaíocht seo ar bun ó d'fhógair Iosrael cogadh ar Hamas i ndiaidh an ionsaithe ar an 7Deireadh Fómhair.

1,200 duine a maraíodh in ionsaí marfach Hamas, agus thóg an grúpa mílisteoirí sin 240 giall.

Tá breis is 100 giall coinnithe go fóill ag Hamas.

Dar le hoifigigh shláinte Phailistíneacha, tá ionsuithe Iosrael le 3 mhí tar eis 22,835 Pailistíneach a mharú.

Tá Stráice Gaza ar an bhfaraor géar ceart, tithe cónaithe agus foirgnimh eile scriosta agus 2.3m duine fágtha gan dídean geall leis, gan mórán bia, dí ná cógais leighis.