skip to main content

Blinken broidiúil sa Mheánoirthear ar thóir réitigh

Státrúnaí Mheiriceá,Antony Blinken
Státrúnaí Mheiriceá,Antony Blinken

Tá Státrúnaí Mheiriceá,Antony Blinken,i mbun cainteanna inniu le ceannairí sa Chatar féachaint le réiteach síochánta a fháil ar an ghéarchéim sa Mheánoirthear faoi láthair, áit a bhfuil Iosrael in adharca le Hamas agus Hezbollah.

Tá sé mar aidhm ag an státrúnaí féachaint chuige nach scaipeann an chogaíocht go forleathan sa réigiún mar atá á bhagairt le roinnt laethanta anois ó maraíodh leascheannaire Hamas sa Liobáin 5 lá ó shin.

Bhí cainteanna ag an Uasal Blinken le ceannaire na hIordáine, An Rí Abdullah, níos túisce.

Dúirt an Rí Abdullah leis go gcaithfeadh Meiriceá brú a chur ar Iosrael sos comhraic a chur i bhfeidhm láithreach i Stráice Gaza.

Beidh Antony Blinken sa réigiún as seo go ceann seachtaine agus tabharfaidh sé cuairt ar Iosrael agus ar an Bhruach Thiar i gcaitheamh an ama sin.