Tá feachtas frithchiníoch i gCo.Mhaigh Eo ag iarraidh ar dhaoine i mBaile an Róba labhairt amach i gcoinne na hagóide atá ar bun lasmuigh de sheanóstán JJ Gannon ansin.
Tá an agóid ag leanacht ar aghaidh i gcónaí, agóid ar cuireadh tús léi san oíche Dé hAoine.
I ráiteas ón eagraíocht 'Maigh Eo Aontaithe in aghaidh an Chiníochais' cháin sé an faitíos seo a deir sé 'atá á scaipeadh ag mionlach beag de dhaoine áitiúla' i gcoinne dhaoine a dteastaíonn lonnaíocht uathu san áit.
D'iarr an eagraíocht ar an bpobal smaoineamh ar an ngámh ina raibh Éireannaigh sa bhfad a caitheadh agus iadsan ar imirce.
Dá réir a deir an eagraíocht 'ba cheart dúinn cabhrú leo siúd atá ar thóir cosanta agus tearmainn anseo'.
Dúirt an eagraíocht gur thuig sé nach raibh an Roinn Lánpháirtíochta iomlán measúil maidir leis an mbealach a ndearna sí cumarsáid leis an gcosmhuintir ach 'nár cheart lóistín do theifigh agus iarrthóirí tearmainn a stopadh'.
Dúirt sé freisin gurb í an ghéarchéim tithíochta sa tír faoi láthair faoi ndear chuid mhaith de na hagóidí seo agus d'iarr ar phobal Bhaile an Róba a bheith rannpháirteach sa Chónaidhm Náisiúnta Tithíochta agus Easpa Dídine.
'Fomhór de phobal Bhaile an Róba ní thacaíonn siad leis an agóid seo' a dúirt 'Maigh Eo Aontaithe in aghaidh an Chiníochais'