skip to main content

Imreoir sacair ag teacht chuige féin i ndiaidh ionsaí lámhaigh

Tharla an t-ionsaí go gairid tar éis 2100
Tharla an t-ionsaí go gairid tar éis 2100

I gCo.Thiobraid Árann aréir lámhachadh agus goineadh fear ar pháirc na himeartha.

Tharla an eachtra go gairid i ndiaidh a 9 a chlog i gceantar Chrois na Rae atá teorainneach le Co.Luimnigh.

Lámhachadh an fear sa ghualainn le linn dó a bheith páirteach i gcluiche sacair.

Chuir na seirbhísí éigeandála cóir leighis air ar an láthair agus tugadh ansin chuig Ospidéal Ollscoil Luimnigh.

Tuigtear nach bhfuil sé i mbaol báis.

Cluiche sraithe sacair i gcomórtas Thiobraid Árann Thuaidh a bhí i gceist agus tá seirbhisí comhairleoireachta á gcur ar fáil ag lucht eagraithe an chomórtais d'imreoirí agus réiteoirí an chluiche.

Tá na gardaí san Aonach,Co.Thiobraid Árann ag iarraidh ar aon duine le haon eolas breise faoinar tharla dul i dteagmháil leo ag 067-50450 nó 1800 666 111.