Deir muintir na háite i mBaile an Róba i gCo.Mhaigh Eo go bhfuil geallúint Rialtais á lorg acu nach dtabharfar 50 iarrthóir tearmainn chuig a gceantar ar maidin amárach.
Déardaoin seo caite a hinsíodh dóibh go mbeadh na hiarrthóirí ina measc faoin Luan.
Tuigtear gur 50 fear ón gcoigríoch atá i gceist.

Dúradh gurbh é mian na Roinne Lánpháirtíochta go gcuirfí lóistín ar fáil dóibh i seanóstán JJ Gannon.
Deir lucht na hagóide áfach nach bhfuil na seirbhísí ar an bhaile chun cóir cheart a chur ar na daoine seo ach nach bhfuil aon ní ciníoch ag baint lena seasamh.
Deir siad freisin nach bhfuil fhios cén cúlra atá ag na fir agus 'tá imní agus faitíos dá réir ar an gcosmhuintir' a deir siad.
Don dara oíche as a chéile leanadh den agóid lasmuigh den seanóstán.
Inné dheimhnigh an Roinn Lánpháirtíochta go bhfuil sé fós ag caint le húinéir an tseanostáin seo i mBaile an Róba.
Mar sin féin dúírt an comhairleoir áitiúil Fine Gaelach,Michael Burke tráthnóna inné go raibh sé féin ag caint le húinéir an fhoirgnimh agus gur gheall seisean dó nach mbeadh aon chonradh eile leis an Roinn Lánpháirtíochta i dtaca le léas an óstáin agus gurbh é sin deiridh an scéil.
Deir an lucht agóide áfach go bhfanfaidh siad lasmuigh den óstán go bhfaighidh siad freagra dearfach ón roinn nach istigh i bhfoirgneamh JJ Gannon a chuirfear na hiarrthóirí tearmainn seo.