Dheimhnigh an Roinn Lánpháirtíochta go bhfuil sé fós ag caint le húinéir an ostáin i mBaile an Róba,Co.Mhaigh Eo maidir le hiarrthóirí tearmainn a lonnú ann.
Tá sé ina agóid i gcónaí lasmuigh de shean óstán i gCo.Mhaigh Eo a bhi curtha i leataobh d'iarrthóirí tearmainn.
An t-óstán i mBaile an Róba a mbíodh JJ Gannon air tráth atá i gceist.
50 iarratasóir ar thearmann a bhí le lóistín a fháil sa bhfoirgneamh, cuireadh na hionadaithe tofa polaitiúla don cheantar ar an eolas arú inné faoin socrú.
Dúírt an comhairleoir áitiúil Fine Gaelach,Michael Burke tráthnóna go raibh sé féin ag caint le húinéir an fhoirgnimh agus gur gheall seisean dó nach mbeadh aon chonradh eile leis an Roinn Lánpháirtíochta i dtaca le léas an óstáin agus gurbh é sin deiridh an scéil.
Deir an lucht agóide áfach go bhfanfaidh siad lasmuigh den óstán go sásóidh an Rialtas na héilimh atá acu.