skip to main content

An t-ádh ar phaisinéirí ar eitleán de chuid 'Alaska Airlines'

An fhuinneog curtha glan amach
An fhuinneog curtha glan amach

B'éigean do eitleán le comhlacht 'Alaska Airlines' tuirlingt éigeandála a dhéanamh aréir nuair a séideadh ceann de fhuinneoga an eitleáin amach le linn na heitilte.

Bhí an t-eitleán ar a shlí go Ontario, California agus fós ag ardú san aer nuair a tharla an eachtra agus b'éigean di - tuirlingt ag aerfort Idirnáisiúnta Portland.

Níor gortaíodh aon duine.

Tá 65 eitleán ar fad de dhéantús 'Boeing 737 MAX 9' coimeadta ar an dtalamh ag an aerlíne ar bhonn sealadach i bhfianaise na heachtra.

Anocht d'ordaigh rialaitheoirí eitlíochta sna Stáit Aontaithe eitleáin áirithe de chuid 'Boeing 737 MAX 9'a choinneáil le talamh go n-ordaítear a mhalairt.