skip to main content

Gardaí ag cardach roinnt tithe i gCo.na Gaillimhe

Dódh an Ross Lake ar an 16Nollaig
Dódh an Ross Lake ar an 16Nollaig

Chuardaigh na gardaí roinnt sealúchas i gCo.na Gaillimhe ar maidin inniu mar chuid den fhiosrúchán atá ar bun acu maidir leis an bhfoirgneamh a cuireadh tré thine in Uachtar Ard an mhí seo caite.

Tuairiscítear gur cuardaíodh 4 áit i gceantar Ros Cathail agus é mar aidhm ag na gardaí fianaise a bhailiú i dtaca leis an tine a d'fhág drochbhail ar óstán an Ross Lake House ar an 16 Nollaig.

Bhí an áit leagtha amach d'iarrthóirí tearmainn agus suas le 70 fear le lonnú ann.