skip to main content

Hezbollah ag scaoileadh go tréan le hIosrael

Hezbollah ag imirt díoltais a deir sé as marú al-Arouri
Hezbollah ag imirt díoltais a deir sé as marú al-Arouri

Deir mílisteoirí Hezbollah sa Liobáin go bhfuil siad i ndiaidh roicéid a scaoileadh le bunáit de chuid fhorsaí Iosrael.

Tuaisceart Iosrael atá buailte ag na roicéid a deirtear; díoltas as marú cheannasaí sinsearach le Hamas Dé Máirt seo caite a thug siad le fios.

Maraíodh Saleh al-Arouri san ionsaí dróin sin a rinneadh ar cheantar Beirut,príomhchathair na Liobáine.

Níor admhaigh Iosrael freagracht oifigiúil as an ionsaí sin, go fóill ar aon chuma.

Deir fórsaí Iosrael go bhfuil suas le 40 roicéad scaoilte aduaidh leo thar teorainn agus go bhfuil siadsan ag scaoileadh ar ais.

Is i Beirut atá Ard Ionadaí pholasaí gnóthaí eachtracha an Aontais Eorpaigh,Josep Borrell faoi láthair.

Dúirt seisean nárbh é an cogadh an t-aon rogha don réigiún, ach gurbh é an rogha ba mheasa é.