'Is ag feannadh tuilleadh foiréigin agus formaid atá airí rialtais in Iosrael ag rá gur cheart go n-athlonnófaí Pailistínigh lasmuigh de Stráice Gaza' a dúirt an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha,Micheál Martin.
'Is talamh Pailistíneach é Gaza' a dúirt Micheál Martin 'agus is cuid lárnach é d'aon stát a bheadh ann don Phailistínigh amach anseo'.
Dúirt sé gur 'réiteach an dá-stáit' mar a thugtar air an t-aon bhealach le síochán, slándáil agus sábháilteacht a bhuanú ansin.
D'iarr an Tánaiste freisin go dtreiseofaí go tréan iarrachtaí ar mhaithe le deireadh a chur leis an gcogaíocht i Gaza.
D'iarr sé ar cheannairí domhanda agus i dtíortha eile sa Mheánoirthear go speisialta féachaint chuige go mbíonn an tsíochán i réim sa réigiún arís.
Sa taobh sin den domhan faoi láthair atá Stát Rúnaí Mheiriceá,Antony Blinken.
Tá seisean sa Tuirc agus é i mbun chainteanna taighleoireachta ionas nach scaipfidh an chogaíocht seo idir Iosrael agus Hamas chuig tíortha eile sa réigiún.
Cheana féin tá contúirt mhór ann don Liobáin.
Tá teannas agus foréigean ag neartú ansin i ndeisceart na tíre agus aerfhórsa Iosrael i mbun buamála ar bhunáiteanna le Hizbollah a deir sé.
Tuairiscítear gurb é lár agus deisceart Gaza ba mheasa a buaileadh sna hionsaithe ó Iosrael aréir.
De réir na Náisiún Aontaithe is ar éigin atá sé in araíocht ag aon duine cónaí sa stráice anois i bhfianaise an bhail atá curtha air sa chogaíocht atá ar bun le 3 mhí anois.
Tá na céadta míle áitritheoir i gcathair Rafah sa deisceart ar a ndícheall ag iarraidh foscadh a fháil óna buamaí.
Tá cathair Khan Younis ag fulaingt go dona freisin.
Ni hí an chogaíocht amháin an námhad anois, is minic galair agus gorta mar chompánaigh aici agus ní haon eisceacht an uair seo í Gaza.
Tá na seirbhísí sláinte agus ospidéil ag teipeadh diaidh ar ndiaidh agus is mór an díol trua anois an 1.1m páiste sa stráice ach go speisialta.