skip to main content

'Tiomáigí go sábháilte, gan aon chur isteach'-An Garda Síochána

Achainí óna gardaí ar an bpobal a bheith cúramach
Achainí óna gardaí ar an bpobal a bheith cúramach

Iarrann na gardaí arís eile inniu ar an bpobal smaoineamh orthu féin sula suíonn siad taobh thiar de rotha stiúrtha pé feithicil a bhíonn á thiomáint acu.

Achainí é seo atá á dhéanamh acu i bhfianaise líon na ndaoine atá maraithe ar bhóithre i 2024.

Deir na gardaí go bhfuil sé tábhachtach do thiománaithe maoirseacht a dhéanamh ar luas na feithicle agus a chinntiú freisin nach mbíonn aon chur isteach orthu i mbun an chúraim.

Gan ach 6 lá caite sa bhliain nua tá a fhios go bhfuil seachtar maraithe cheana féin i dtimpistí.

Tharla 3 cinn díobh sin inné, ceann i gCo.Dhún na nGall, ceann i gCo. na Mí agus ceann i gCo.Mhaigh Eo.

Tráthnóna aréir i gCo.Dhún na nGall leagadh agus maraíodh bean ar bhóthar an N56 nuair a bhuail carr fúithi.

Tharla an timpiste ar an stráice idir Leitir Ceanainn agus Cill Mhic Réanáin.

Tá na gardaí ag iarraidh ar dhaoine a chonaic an timpiste dul i dteagmháil leo ag 074-9153060.

Níos luaithe ná sin maraíodh bean sna 80idí i gCo.na Mí nuair a bhuail an carr a bhí á thiomáint aici agus mionbhus faoina chéile ar an R156 lámh le Droichead na Scairbhe.

Agus ar maidin inné maraíodh fear sna 30aidí sa taisme a tharla idir 2 ghluaisteán i gContae Mhaigh Eo.

Tharla an timpiste ar an R331 ag Béal Átha Damh, Teach Chaoin in aice le Clár Chlainne Mhuiris go gairid roimh a 8 a chlog.

Tugadh bean sna 20aidí a bhí sa ghluaisteán eile chuig an ospidéal.

Tá na gardaí ag fiosrú na timpiste agus ag iarraidh ar aon duine a mbeadh aon eolas acu faoin eachtra teacht chun cinn.