Tá seachtar ar fad maraithe ar bhóithre na tíre ó thús na bliana seo agus gan muid ach 5 lá isteach inti.
Maraíodh triúr i dtimpistí ó mhaidin inniu.
Tráthnóna anocht i gCo.Dhún na nGall leagadh agus maraíodh bean ar bhóthar an N56 nuair a bhuail carr fúithi.
Tharla an timpiste ar an stráice idir Leitir Ceanainn agus Cill Mhic Réanáin.
Tá na gardaí ag iarraidh ar dhaoine a chonaic an timpiste dul i dteagmháil leo ag 074-9153060.
Níos luaithe ná sin inniu maraíodh bean sna 80idí i gCo.na Mí nuair a bhuail an carr a bhí á thiomáint aici agus mionbhus faoina chéile ar an R156 lámh le Droichead na Scairbhe.
Agus ar maidin inniu maraíodh fear sna 30aidí sa taisme a tharla idir 2 ghluaisteán i gContae Mhaigh Eo.
Tharla an timpiste ar an R331 ag Béal Átha Damh, Teach Chaoin in aice le Clár Chlainne Mhuiris go gairid roimh a 8 a chlog.
Tugadh bean sna 20aidí a bhí sa ghluaisteán eile chuig an ospidéal.
Tá na gardaí ag fiosrú na timpiste agus ag iarraidh ar aon duine a mbeadh aon eolas acu faoin eachtra teacht chun cinn.