skip to main content

An fhéile cheoil traidisiúnta is mó sa tír.seolta

Trad Fest idir 24-28Eanáir
Trad Fest idir 24-28Eanáir

Ar Shráid Uí Chonaill i lár Chathair Bhaile Átha Claith ar maidin a seoladh Trad Fest 2024.

Is í seo an fhéile cheoil traidisiúnta is mó sa tír.

Beidh an fhéile ar siúl idir 24-28Eanáir.

Chuir an t-amhránaí Aoife Scott tús lena gairm beatha mar amhránaí ag an bhféile 10 mbliana ó shin.

Cé go bhfuil ceoltóirí óga ag fágáil na cathrach ceal lóistín deir sí go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an bhféile mar go mbíonn ceoltóirí traidisiúnta i lár an aonaigh ar phríomh ardáin na cathrach.

Deir an ceoltóir cliútach Mairéad Ní Mhaonaigh go bhfuil sí ag súil leis an seisiún ceoil 'Transatlantic Women' a chur i láthair leis na hamhránaithe Aoife O’Donovan, Alison Brown agus Edwina Guckian agus ceoltóirí eile mór le rá.

Beidh 100 ceolchoirm á reachtáil in ionaid éagsúla i mBaile Átha Cliath i gcaitheamh na féile.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar chuntais mheáin shóisialta tradfest: Instagram @tradfestdublin, X @trad_fest, TikTok @tradfest agus facebook Tradfest.