Tuairiscítear gur maraíodh "na dosaein" Palaistíneach de bharr ionsaithe buamála a rinne fórsaí míleata Iosrael ar Chathair Gaza agus ar chathair Khan Younis i gcaitheamh na hoíche.
Tá Cathair Gaza nach mór scriosta cheana féin ag na hIosraelaigh – gan trácht ar na mílte atá maraithe acu ann – ó thosaigh siad ag tuairgneáil na háite trí mhí ó shin.
Dar le haireacht sláinte Gaza, maraíodh ceithre dhuine dhéag – naonúr páistí ina measc – nuair a scaoil na hIosraelaigh diúracáin le ceantar Al-Mawasi, siar ó Khan Younis.
Áirítear 22,300 duine ar a laghad a bheith maraithe ag na hIosraelaigh in Gaza ó thús Dheireadh Fómhair.
Tá an mórionsaí a rinne lucht airm Hamas ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair – tráth a mharaigh siad 1,200 duine – tá sé sin á aifirt ag na hIosraelaigh ar Phalaistínigh Gaza ó shin.
Thóg Hamas 250 giall an lá sin freisin agus tá 129 díobh á gcoinneáil in Gaza acu i gcónaí.
Ina cheann sin ar fad, tá fán ar 1.9 million Gazach de bharr an lomscriosta agus gan riar a gcáis acu ach ar éigean.
Tá an éigeandáil in Gaza dulta i gcion ar an Neasoirthear agus ar an Meánoirthear trí chéile.
Arú inné, maraíodh leascheannaire Hamas Saleh al-Arouri i bpríomhchathair na Liobáine, Béiriút, nuair a scaoileadh diúracán ó dhrón lena áras cónaithe.
Glactar leis gurbh iad na hIosraelaigh a mharaigh é, cé nach bhfuil aon ráiteas oifigiúil déanta acu ina leith.
I ndeisceart na Liobáine, ar an teorainn le hIosrael, dealraíonn sé go bhfuil na scliúchais idir fórsaí Hezbollah agus na hIosraelaigh á ngéarú.
Tugadh le fios inniu gur maraíodh ceathrar eile ó Hezbollah i gcaitheamh na hoíche.
Áirítear 129 comhalta de Hezbollah a bheith maraithe ó thosaigh na scliúchais cúpla mí ó shin.
I dteannta an mhéid sin, tá ionsaithe airtléire déanta ag ceannaircigh Hútacha in Éimin ar longa trádála sa Mhuir Rua, de ghrá dlúthpháirtíocht le Hamas a chur in iúl, a deir siad.
Tacaíonn an Iaráin le Hezbollah agus leis na Hútaithe.
Ar a mhuin sin, maraíodh 84 duine nuair a phleásc dhá bhuama mhóra i ndeisceart na hIaráine inné.
Gar d'uaigh an Ghinearáil Qasem Soleimani a phléasc na buamaí agus searmanas ina chuimhne ar siúl.
Mharaigh fórsaí Mheiriceá an Ginearál Soleimani san Iaráic anuraidh.
Tá na hIaránaigh ag cur an mhilleáin faoin ionsaí buamála ar na Meiriceánaigh agus ar na hIosraelaigh araon.
Tá Stát-Rúnaí Mheiriceá Antony Blinken le dul go hIosrael inniu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ