Tá an t-iarghinearál in Arm na Breataine Frank Kitson tar éis bháis. Is é an Ginearál Kitson an duine is mó a luaitear le straitéis mhíleata fhorneartach Arm na Breataine i mblianta tosaigh na coimhlinte ó thuaidh.
Bhí Kitson i gceannas ar an gcathlán paratrúipéirí a lámhach agus a mharaigh ceithre dhuine dhéag i gcathair Dhoire ar an 30 Eanáir 1972, Domhnach na Fola.
Is saighdiúirí ón gcathlán sin freisin a lámhach agus a mharaigh deichniúr i mBaile Uí Mhurchú in iarthar Bhéal Feirste i gcaitheamh trí lá idir 9-11 Lúnasa 1971.
Roimhe sin, in 1970, d'éirigh le saighdiúirí Kitson seilbh a ghabháil ar cheantair i mBéal Feirste a bhí faoi smacht an IRA Oifigiúil agus an IRA Shealadaigh agus tugadh moladh céadach dó dá bhíthin sin.
Go deimhin, saineolaí ab ea Kitson ar chúrsaí frithcheannairce – nó sceimhlitheoireacht stáit – ceird bhrúidiúil a chleacht sé i dtosach sa Mhalae, sa Chéinia, in Óman, in Áidin agus sa Chipir, agus bhronn Arm na Breataine dhá bhonn gaisce air as ucht a raibh déanta aige sna háiteanna sin.
Is é Kitson, go deimhin, a scríobh lámhleabhar na frithcheannairce – go liteartha agus agus go meafarach – leabhar a foilsíodh an bhliain roimh Dhomhnach na Fola.
Comhairlíonn sé sa leabhar buíonta sceimhlitheoirí stáit a bhunú, bolscaireacht a chraobhscaoileadh agus leas a bhaint as cleasa síceolaíochta leis an mbonn a bhaint de cheannaircigh dhúchasacha.
Ina cheann sin, is é a chum an polasaí cochaill a chur anuas ar chloigne daoine agus iad á gceistiú, agus is sa Chéinia a bhain sé feidhm i dtosach as an bpolasaí sin sular chuir sé barr feabhais air sa Tuaisceart.
Mar le Domhnach na Fola, thug an Ginearál Mike Jackson le fios in 2007 go ndúirt Kitson gur chóra don Choirnéal Derek Wilford – an t-oifigeach a bhí i gceannas na saighdiúirí an lá sin – gur chóra dó "an obair a chríochnú".
Mar sin féin, bronnadh gradam CBE ar Frank Kitson i 1972, coicís i ndiadh Dhomhnach na Fola agus bronnadh ridireacht air i 1980.
Maíodh go minic go ndeachaigh saighdiúirí Kitson i bpáirt le dílseoirí.
In 2015, chuir teaghlach Patrick Eugene Heenan, fear Caitliceach ar mharaigh an UDA é in 1973, chuir siad an dlí ar Kitson agus ar Arm na Breataine go ginearálta as a mharú.
Bhásaigh Kitson arú inné in aois a sheacht mbliana déag agus ceithre scór.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ