skip to main content

Dóiteán i bhfoirgneamh a raibh teaghlaigh gan dídean le lonnú ann

Dóiteán mór in iartheach ósta sa Rinn i ndeisceart Bhaile Átha Cliath
Dóiteán mór in iartheach ósta sa Rinn i ndeisceart Bhaile Átha Cliath

Tá dóiteán mór a bhí i bhfoirgneamh díomhaoin i mBaile Átha Cliath i gcaitheamh na hoíche á fhiosrú ag na Gardaí.

Níor gortaíodh aon duine de bharr an dóiteáin a bhí in iartheach ósta an Shipwright (Sally's Bar) ar Shráid Chláir Fhada sa Rinn i ndeisceart na cathrach.

Cuireadh fios ar an mBriogáid Dóiteáin ag thart ar 2 a chlog ar maidin agus cuireadh sé inneall chuig an láthair.

Baineadh leas as dréimire forard caschláir le uisce a scairdeadh anuas ar an dóiteán agus bhí na lasracha deiridh múchta faoina 5 a chlog.

Nior gortaíodh aon duine de bharr an dóiteáin a bhí in iartheach ósta an Shipwright

Léirsigh lucht frith-inimirce taobh amuigh den fhoirgneamh coicís ó shin i bhfianaise ráflaí go rabhthas le dídeanaithe ón iasacht a lonnú ann.

Tá sé tugtha le fios ag an Roinn Lánpháirtíochta, ámh, nach raibh aon fhírinne sna ráflaí sin.

Ar a shon sin, dúirt an comhairleoir cathrach Claire Byrne ón gComhaontas Glas go ndúradh léise go raibh sé beartaithe leas a bhaint as an bhfoirgneamh mar lóistín éigeandála do theaghlaigh.

Tá scrúdú teicniúil agus dlí-eolaíochta le déanamh ag na Gardaí ar an bhfoirgneamh as seo go ceann cúpla lá.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ