skip to main content

Met Éireann: 2023 ar an mbliain ba theo riamh

Os cionn 11 céim a bhí an mheánteocht in 2023
Os cionn 11 céim a bhí an mheánteocht in 2023

Tá sé dearbhaithe ag Met Éireann go raibh 2023 ar an mbliain ba theo riamh sa tír seo ó tosaíodh ag coinneáil taifead.

Deirtear i dtuarascáil bhliantúil na gníomhaireachta meitéareolaíochta gur os cionn 11 céim a bhí an teocht ar an meán i mbliana agus nach raibh sé chomh hard sin riamh roimhe seo.

Ba é an Meitheamh an mhí ba theo riamh agus ba iad an Márta agus Iúil an dá mhí ba fhliuiche riamh.

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt Keith Lambkin ó Met Éireann gur bhliain shuntasach í 2023 ó thaobh na haeráide de.

Thug sé le fios go raibh an teocht i bhfad níos airde gach bliain ó 2000 i leith ná mar ba ghnách go stairiúil – seachas 2010 nuair a bhí fuacht eisceachtúil ann.

Dúirt sé freisin go bhfuil an ráta téimh in Éirinn ar aon bhonn leis an gcuid eile den domhan agus El Niño ag dul i gcion ar gach áit faoin spéir.

Patrún aimhrialta aeráide is ea El Niño a bhfuil baint aige le hardú teochta, fearthainn throm agus triomach.

Ceaptar go mbeidh iaróga El Niño chomh tromchúiseach nó níos tromchúisí fós an bhliain seo chugainn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ